Revelation 5:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar nglacadh an leabhair dhó, do leigeadar na ceithre beathuigh agus an ceathrar ar fhichid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise a Nuáin, ar mbeith chláirseach, agus shoitheach nórgha ag gach áon díobh fó leith lán do dheagbhalaidhibh, agár ab íad urnuighe na náomh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do ghlác sé an leabhar, do thuit na ceithre h‐ainmhidhthe agus an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair an Uain, cruit ag gach duine aca, agus soithigh óir lán de thúis aca, gur ab iad urnaighthe na naomh iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí an scrolla ina láimh, thit na ceithre bheithíoch agus na ceithre chruifir ar fhichid ar a mbéal fúthu roimh an Uan, agus cláirseach cheoil agus scála óir lán túise ina lámha, agus is iad urnaithe na naomh an túis sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis urnaithe na naomh is é sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dhúil bheo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis–urnaithe na naomh is ea iad sin.