Revelation 5:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chanadar cainntic núadh, ag rádh, As fíu thusa an leabhar do ghlacadh, agus a shéuluidhe dfosgladh: do bhrígh gur marbhadh thú, agus gur cheannuidh tú sinne do Dhía réd fhuil féin as a nuile threibh, agus theanguidh, agus phubal, agus chineadh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chanadar amhrán úr‐nua, g‐á rádh, Is fiú thusa an leabhar do ghlacadh agus a shéalaí d’fhoscailt: de bhrigh gur marbhadh thú, agus gur cheannuighis do Dhia led’ fhuil daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach pobal, agus de gach cineadh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chan siad amhrán úrnua, agus dúirt siad, “Is maith is fiú tú breith ar an scrolla agus a shéalaí a fhuascailt, ós tú a cuireadh chun báis agus a cheannaigh le do chuid fola daoine do Dhia as gach treibh agus canúint agus pobal agus cine,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chan siad iomann nua á rá: «Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d' fhuascail tú daoine do Dhia le d' fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chan siad iomann nua dá rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus dʼfhuascail tú daoine do Dhia le dʼfhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,