Revelation 6:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chonnairc mé an tan do dhosguil an Túan an chéid séula do na séuluighibh, agus do chúaluidh mé beathach do na ceithre beathuighibh ag rádh, mar fhúaim tóirrnighe, Gabh a leith agus féuch.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair bhris an tUan ceann de na séalaibh, do dhearcas agus do chualas ceann de na h‐ainmhidhthibh g‐á rádh mar bhéadh le fuaim tóirnighe, Tar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí mé ag amharc ar an Uan nuair a scaoil sé séala de na seacht séala, agus chuala mé beithíoch de na ceithre bheithíoch á rá i nglór mar a bheadh toirneach ann, “Tar amach!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin san fhís dom, nuair a d' oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: «Tar.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin sa bhfís dom, nuair a dʼoscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dhúil bheo dá rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”