Revelation 6:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do éigheadar go ghúth ard, ag rádh, Cá fad bhías tú, a Thighearna, náomhtha fhírinnigh, gan breitheamhnus do bhreith agus dioghaltus do dhéunamh ar son ar bhfolainne ar an druing áitigheas ar an dtalamh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do ghlaodhadar de ghuth árd g‐á rádh, Cá fhaide dhuit, a Mháighistir naomhtha, fhírinnigh, gan breitheamhnas agus díoghaltas do dhéanamh ar lucht áitreabha na talmhan?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus scairt siad in ard a ngutha, “Cá fhad, a Thiarna agus a Ardcheannasaí atá naofa fírinneach, go dtí go ndéanfaidh tú breithiúnas agus go mbainfidh tú amach éiric ár bhfola ó lucht áitithe an talaimh?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: «A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”