Revelation 6:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadh dá gach áon díobh fó leith róbuidhe fada gléigheala; agus a dubhradh ríu, sgur ar feadh tamuill bhig, nó go mbeith uibhir a gcoimhshearbhfhoghantuigheadh agus a ndearbhraithreach ar na choimhlíonadh, noch do bhí ré haghuidh a marbhtha mar íadsan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tugadh róba geal do gach duine aca; agus adubhradh leo fanamhain go suaimhneach tamall beag eile, nó go gcóimhlíontaidhe méid a gcóimh‐sheirbhíseach agus a mbráthar do bhí le marbhadh mar iad féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bronnadh ansin róba geal ar gach duine acu, agus dúradh leo suaimhneas a dhéanamh seal beag eile, go dtí go mba lán a lion agus lion a mbráthar agus a gcomhsheirbhíseach a raibh sé i ndán dóibh a gcur chun báis ar an nós céanna leo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin.