Revelation 6:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thuiteadar réulta neimhe chum na talmhan, amhuil theilgeas an crann fige a húbhla anabuidh, an tan bhogthar í ré gaóith thréin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do thuit réaltana na spéire anuas ar an talamh, mar chaitheann crann fige a chuid figí neamh‐aibidh nuair luascthar é le gaoith thréin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus thit réaltaí na spéartha chun an talaimh mar thorthaí geimhridh a chuireas crann fige de nuair a chroitheas gaoth an-mhór é;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus thit réaltaí neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann fígí a chaora geimhridh uaidh nuair a croitheann cóch gaoithe é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus thit réaltaí Neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann figí a chaora geimhridh uaidh nuair a chroitheann cóch gaoithe é.