Revelation 6:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fholuigheadar ríghthe na talmhan, agus na daóine móra, agus na daóine saidhbhre, agus na hárdchaiptínighe, agus na daóine cúmhachdach, agus gach searbhfhoghantuighe, agus gach duine sáor, íad féin a dtuinthighibh agus a measg charrag na sléibhteadh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuaidh righthe an domhain, agus na daoine móra, agus na taoisigh airm, agus na h‐acfuinnigh, agus na daoine tréana, agus gach sclábhaidhe, agus gach saor‐dhuine i bhfolach i gcuasaibh agus i gcairrgibh na sléibhte;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a chuaigh ríthe agus maithe móra agus daoine uile an talaimh idir shaoir agus dhaoir i bhfolach i gcuasa agus i gcarraigeacha na sléibhte,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhma, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc carraigeacha na gcnoc,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhna, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc charraigeacha na gcnoc,