Revelation 6:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúaluidh mé gúth a meadhón na gceithre mbeathach ag rádh, Miosúr cruithneachda air phíghin, agus trí miosúir éorna ar phíghinn; agus ná mill an ola ná an fíon.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chualas mar bhéadh guth i lár na gceithre n‐ainmhidhe g‐á rádh, Miosúr cruithneachtan ar phinginn, agus trí mhiosúr eornan ar phinginn: acht ná déan dochar do’n ola ná do’n fhíon.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus chuala mé mar a bheadh foghar gutha dhaonna i mease na gceithre bheithíoch ag rá, “Déanar ar bhuiséal cruithneachta, agus déanar ar thrí bhuiséal eorna; ach bí gan aon éagóir a imirt ar an ola agus ar an bhfíon!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá: «Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dhúil bheo dá rá: “Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.”