Revelation 6:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhéuch mé, agus féuch each glasbhán: agus a sé don ainm don tí do bhí na shuidhe air an Bás, agus do lean ifrionn e. Agus tugadh cúmhachda dhóibh ar an gceathramhadh cuid don talamh, a marbhadh ré cloidheamh, agus ré gorta, agus ré bás, agus ré hainmhinntibh állta na talmhan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do dhearcas, agus féach, capall liathbhán: agus an té do bhí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a chuideachtain. Agus tugadh cumhacht dóibh ar an gceathramhadh cuid de’n talamh, chum bheith ag marbhadh leis an gclaidheamh, agus leis an ngorta, agus leis an bpláigh, agus le h‐ainmhidhthibh allta na talmhan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic mé, agus bʼshiúd chugainn an t-each mílítheach bán, agus ba é an Bás ainm an mharcaigh, agus lean an Háidéas ar a shála; agus ligeadh leo cumhacht os cionn cheathrú cuid na cruinne, lena marú le béal claímh agus le gorta agus le plá agus le beithígh fhiáine tire is talaimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhéach mé, agus b' shiúd an t-each báiteach bán agus «An Bás» a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhéach mé, agus bʼiúd an t-each báiteach bán agus “An Bás” ab ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.