Revelation 6:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do fhosguil sé an cúigeadh séula, do chonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marbhadh ar son bhréithre Dé, agus ar son na fíadhnuise do chosnadar:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair d’fhoscail sé an cúigeadh séala, do chonnacas fá’n altóir anmanna na ndaoine do marbhadh ar son briathair Dé, agus ar son na fiadhnaise thugadar:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a scaoil sé an cúigiú séala, chonaic mé faoi bhun na haltóra anamacha na ndaoine úd a cuireadh chun báis ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a d' oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n-anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a dʼoscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n-anamacha uile úd a maraíodh ar son Bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.