Revelation 7:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus na dhiáigh sin do chonnairc me ceithre haingil na seasamh ar cheithre corruibh na talmhan, ag congmháil cheithre ngáotha na talmhan, ionnus nach séidfeadh an gháoth ar an dtálamh, ná ar an bhfairge, ná ar chrann ar bith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
’N‐a dhiaidh sin do chonnacas ceithre h‐aingle ’n‐a seasamh ag ceithre cúinnibh an domhain, ag coimheád ceithre gaotha an domhain, chum nach séidfeadh aon ghaoth ar an talamh, ná ar an bhfairrge, ná ar aon chrann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chonaic mé dá éis sin ceithre aingeal ina seasamh ag ceithre choirnéal na cruinne, ag cur cúil ar cheithre ghaoth an domhain, ionas nach séidfeadh aon ghaoth ar thalamh ná ar mhuir ná ar aon chrann coille.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain á gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain dá gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann.