Revelation 7:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do sheasadar na haingil uile a dtimchioll na cathaóireach, agus na seanóirigh agus na gceithre mbeathach, agus do léigeadar íad féin síos ar a naighthibh a bhfiadhnuisi na catháoireach, agus tugadar onóir do Dhía,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí na h‐aingle uile ’n‐a seasamh i dtimcheall na righ‐chathaoireach, agus i dtimcheall na seanóir agus na gceithre n‐ainmhidhe; agus do thuiteadar ar a n‐aighthibh fútha os cómhair na righ‐chathaoireach, agus d’adhradar Dia,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus sheas na haingil uile go léir mórthimpeall na ríchathaoireach agus na gcruifreacha agus na gceithre bheithíoch, agus thit siad ar a mbéal fúthu os coinne na ríchathaoireach, agus thug siad adhradh do Dhia,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí na haingil go léir ina seasamh mórthimpeall na ríchathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n-aghaidh os comhair na ríchathaoireach ag adhradh Dé
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí na haingil go léir ina seasamh mór-thimpeall na rí-chathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n-aghaidh os comhair na rí-chathaoireach ag adhradh Dé