Revelation 7:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag rádh, Amén: Moladh, agus glóir, agus éagna, agus buidheachas, agus onóir, agus cúmhachda, agus neart dár Ndíane go sáoghal na sáoghal. Amén.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
g‐á radh, Amen: Moladh, agus glóir, agus eagnaidheacht, agus buidheachas, agus onóir, agus cumhacht, agus neart go raibh ag ár nDia go saoghal na saoghal. Amen.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dúirt siad, “Áiméan! Moladh agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus neart agus cumhacht lenár nDia-na go saol na saol! Áiméan.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
á rá: «Amen. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Amen.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
dá rá: “Áiméan. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Áiméan.”