Revelation 7:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt mise ris, A thíghearna, atá a fhios agadsa. Agus a dubhairt seision riomsa, Ag so an dream tháinic as buáirdhirt mhóir, agus do nigh a róbuidhe, agus do ghealuidh íad a bhfuil a Nuáin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa mise leis, “A shaoi, is agat is fearr a íhios.” Agus ar seisean liom, “Sin iad an dream a tháinig slán as an bpianpháis mhór; agus a bhfuil a róbaí nite gealta acu i bhfuil an Uain.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt mé mar fhreagra air: «A Thiarna liom, tá fhios agat.» Agus dúirt sé liom: «Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá a fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iad-san an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain.