Revelation 7:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin atáid síad a bhfíadhnuise árdchathaoire Dé, agus do níd seirbhís dósan do ló agus doidhche ann a theampoll: agus an tí atá na shuighe sa gcathaóir áiteochuidh sé na measg.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin is eadh bhíonn siad os cómhair righ‐chathaoireach Dé; agus bíonn siad ag déanamh seirbhíse dhó de ló agus d’oidhche ’n‐a theampall: agus an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, cumhdóchaidh sé fá n‐a phailiún iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin de bíonn siad os comhair chathaoir Dé, ag fónamh dó lá agus oíche ina theampall; agus an té a shuíos ar an ríchathaoir mar dhídean acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d' oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Uime sin tá siad os comhair rí-chathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus dʼoíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa rí-chathaoir, beidh sé ina measc dá gcosaint;