Revelation 7:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do dhéuna an Túan atá a méadhón na catháoireach íadsan do bheathughadh, agus dhéunuidh a dtreórughadh go tiubruidibh uisge na beatha: agus glanfuidh Día a nuile dheór ó na súilibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
béidh sé ’n‐a aodhaire aca, agus treoróchaidh sé go toibreacha fíor‐uisce na beathadh iad: agus cuimilfidh Dia gach deor d’á súilibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar beidh an tUan mar aoire acu ó cheartlár na ríchathaoireach, agus treoróidh sé iad chuig fuaráin fhíoruisce na beatha; agus triomóidh Dia gach deor ó na súile.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir, an tUan atá i lár baill ag an rí-chathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.”