Revelation 8:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do shéid an treas aingeal a sdoc, agus do thuit réult mhór ó néamh, ar dearglasadh mar lóchrann sholasda, agus do thuit sé sa treas cuid do na haibhnibh, agus sna tiubruidibh duisge;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do shéid an treas aingeal, agus do thuit réalta mhór ó neamh anuas, agus í ar dearg‐lasadh amhail tóirse, agus do thuit sí ar an treas cuid de na h‐aibhnibh, agus ar thoibreachaibh an uisce:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Shéid an tríú haingeal a thrumpa, agus thit réalta mhór as an spéir, agus é ar dianlasadh mar thóirse, agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus na dtoibreacha uisce.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus ar na toibreacha fíor-uisce.