Revelation 8:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do shéid an ceathramhadh aingeal a sdoc, agus do buáileadh an treas cuid don ghréin, agus an treas cuid don ghealuidh, agus an treas cuid do na réultuibh; ionnus go ndearnadh an treas cuid diobh dorcha, agus níor dheallruigh an lá an treas cuid de, agus a noidhche mar an gcéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do shéid an ceathramhadh h‐aingeal, agus do buaileadh an treas cuid de’n ghréin, agus an treas cuid de’n ghealaigh, agus an treas cuid de na réaltanaibh; chum go n‐éireochadh an treas cuid díobh dorcha, agus go gcaillfeadh an lá an treas cuid d’á sholas, agus an oidhche mar an gcéadna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Shéid an ceathrú haingeal a thrumpa, agus bualadh trian na gréine agus trian na gealai agus trian na réaltaí; gur múchadh trian dá solas siúd; ionas gur chaill an lá trian dá sholas, agus mar an gcéanna don oíche.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.