Revelation 8:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé, agus do chúaluidh mé aingeal ná áonar ag eitealluidh a meadhón neimhe, ag rádh do ghúth árd, As mairg, mairg, mairg, don druing áitigheas an talamh ar son ghóthann sdoc na dtrí naingeal atá fós chum teachda, ar tí a sdoc do shéideadh!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do dhearcas, agus do chualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á rádh de ghuth árd, Mairg, mairg, mairg, do lucht áitreabha na talmhan, mar gheall ar ghlórthaibh eile na stoc atá le séideadh fós ag na trí h‐ainglibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼamharc mé ansin, agus chuala mé scairt ard ó iolar a bhí ag eitilt idir spéir agus talamh, “Mo thrí thrua iad na daoine a chónaíos ar an talamh, de bharr bhloisc na dtrumpaí eile a bhfuil na trí aingeal ar tí a séidte!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: «Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda Neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar talamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí aingeal.”