Revelation 8:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tainic aingeal eile agus do sheas sé a bhfíadhnuise na haltora, agá raibh sionnsa órrgha; agus tugadh móran do neithibh deaghbhaluidh dhó, chum a gcurtha maille ré hurnuighibh na nuile náomh ar a naltóir órrgha do bhí a bhfíadhnuise na catháoire.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig aingeal eile agus do sheasuigh sé os cómhair na h‐altóra, agus túiseoir óir aige, agus tugadh a lán túise dhó, chum go gcuirfeadh sé ar an altóir óir do bhí os cómhair na righ‐chathaoireach í, maille le h‐urnaighthibh na naomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig aingeal eile a sheas os coinne na haltóra agus túiseoir órga aige; agus tugadh mórán túise dó lena meascadh le humaithe na naomh ar an altóir órga os comhair na ríchathaoireach;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na ríchathaoireach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na rí-chathaoireach.