Revelation 8:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fuáir an treas an cuid do na creatúiribh do bhí sa bhfairrge, ann a raibh anam, bás; agus do haidhmhilleadh an treas cuid do na longuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus d’éag an treas cuid de na rudaibh beo do bhí san bhfairrge, agus do scriosadh an treas cuid de na longaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus thiontaigh trian an tsáile ina fhuil, agus fuair trian na gcréatúr beo san fharraige bás, agus scriosadh trian an loingis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíola beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíolta beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long.