Revelation 9:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí rí aca ós a gcionn, aingeal an dubhaigéin, dárob ainm a Neabhrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm dhó Apollion.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá aingeal an duibheagáin mar righ os a gcionn. Abaddón is ainm dó i nEabhrais, agus tugtar Apóilleon mar ainm air i nGréigis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn aingeal an duibheagáin mar rí orthu; Abaddon is ea a ainm san Eabhrais, agus tugtar Apollíón, an scriostóir, air i nGréigis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar ‘Abadón’ mar ainm air san Eabhrais agus ‘Apalluón’ nó ‘Scriostóir’ sa Ghréigis.