Revelation 9:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus as ámhluidh so do chonnairc mé na heích a dtaíbhse, agus an luchd do bhí ar a muin, umá rabhadar lúireacha tinntighe, agus ar dhath na híacinth, agus na ruibhe: agus bá cosmhuil cinn na neach ré ceannuibh leomhan; agus táinic teine agus deatach agus ruibh as a mbéuluibh amach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is mar seo do chonnacas na h‐eich san taidhbhreamh, agus na marcaigh do bhí ar muin ortha, ucht‐chláir ar dhath teineadh agus fuatha muice agus ruibhe ortha: agus atá cinn na n‐each cosmhail le ceannaibh leomhan; agus tháinig teine agus deatach agus ruibh as a mbéalaibh amach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is amhlaidh a chonaic mé na heich agus na marcaigh i mʼfhís; bhí lúirigh ar dhath tine agus saifíre agus ruibhe ar na marcaigh, agus bhí cinn na n-each mar chinn leon ann, agus tine agus toit agus ruibh as a gcraos.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m' fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n-each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i mʼfhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n-each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.