Revelation 9:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an chuid eile de na daoinibh do fágádh gan marbhadh leis na pláighibh seo, ní dhearnadar aithrighe i h‐oibreachaibh a lámh, chum nach ndéanfaidís adhradh d’íodhalaibh óir, agus airgid, agus práis, agus cloiche, agus adhmaid: atá gan radharc, gan éisteacht, gan neart siubhail:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus an méid de na daoine a fágadh, nár thug na plánna seo a mbás, ní dheama siad aithreachas i saothar a lámh agus níor stad siad dʼadhradh na ndeamhan agus na n-íola dʼór agus dʼairgead agus de chré-umha agus de chloch agus dʼadhmad, atá gan amharc ná éisteacht ná siúl;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)