Revelation 9:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ann sna laethibh sin béid daóine ag íarruidh báis, agus ní bhfuighid é; agus budh mían ríu bás dfagháil, agus teithfidh an bás úatha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ins na laethibh sin béidh na daoine d’iarraidh bás d’fhágháil, agus ní bhfaighidh siad é; agus béidh siad ag súil le bás d’fhágháil, agus teichfidh an bás uatha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus sna laethanta úd beidh iarraidh ag na daoine ar a mbás gan é le fáil acu; agus dúil mhór acu le bás, agus an bás ag teitheadh uathu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.