Romans 1:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Eadhon ionnus go bhfuighinn comhfhurtachd bhur bhfochairse tré chreideamh a cheile eadhon bhur gcreideamhsa agus mo chreideamhsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
is é sin go bhfaighmíd neart i n‐éinfheacht le chéile, agus mé ’n‐bhur measc, gach duine againn de bhárr creidimh a chéile, bhur gcreideamh‐sa agus mo chreideamh féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
is é sin le rá, go dtógaimid croíthe a chéile leis an gcreideamh atá againn, bhur gcreideamh maraon le mo chreideamh féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
go bhfaighinn is é sin, solas in bhur measc ón gcreideamh atá agaibhse agus agamsa araon le chéile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
is é sin, go bhfaighinn, solas in bhur measc ón gcreideamh atá agaibh-se agus agam-sa araon le chéile.