Romans 1:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, a dhearbhraithreacha, ní hail leam gan a fhios do bheith agaibh, gur chuir me romham go minic teachd chugaibh, (gidheadh do cuireadh toirmeasg oram gus a nois,) ionnus go bhfuighinn toradh éigin bhur measgsa, comhmaith ris na Cineadhachaibh eile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus, a bhráithre, níor mhian liom gan a fhios bheith agaibh gur minic do chuireas rómham teacht chugaibh (acht do cuireadh cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéadh toradh éigin agam de bhárr mo shaothair ’n‐bhur measc, fá mar bhí agam i measc na gCineadhach eile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar táim ag insint daoibh le fonn, a bhráithre, gur minic a chuir mé romham cuairt a thabhairt oraibh (ach gurbh éigean dom a chur ar cairde go dtí seo), ionas go mbeidh fómhar á bhaint agam eadraibh mar baineadh idir an chuid eile de na Gintlithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní áil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní háil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo.