Romans 1:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír as ann fhoillsighthear fíréuntachd Dé ó chreideamh go creideamh: amhail atá sgríobhtha, Do ghéubhaidh an firéun beatha tre chreideamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is ann foillsightear fíréantacht Dé tré chreideamh chum creidimh: mar tá scríobhtha, Is tré chreideamh mhairfeas an fíréan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar is ann a fhoilsítear fíréantacht Dé tríd an gcreideamh don chreideamh; mar atá scríofa, “An té a bhíonn ina fhíréan tríd an gcreideamh mairfidh sé beo.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar is ann atá fíréantacht Dé á foilsiú ó chreideamh go creideamh, de réir mar atá scríofa: «Ar chreideamh is ea a mhairfidh an fíréan.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar is ann atá fíréantacht Dé dá foilsiú ó chreideamh go creideamh, de réir mar atá scríofa: “Ar chreideamh is ea a mhairfidh an fíréan.”