Romans 1:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhrígh, ar naithniughadh Dé dhoibh, nach rugadar buidheachus ris; achd gur líonadar do dhiomháoineas ann a smuáintighibh, agus gur dalladh a gcroidhe neamhthuigsionach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ar mhodh go bhfuilid gan leithscéal: de bhrigh, nuair bhí eolas aca ar Dhia, nach dtugadar glóir dó mar Dhia, ná nach dtugadar buidheachas dó; act gur éirigheadar baoth n‐a smaointibh; agus gur dorchuigheadh a gcroidheacha dith‐céillidhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar cé go raibh eolas ar Dhia acu níor thug siad onóir nó buíochas dó mar Dhia, ach bhí a n-intinn le baois agus a n-intleacht díchéillí lán de dhorchacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.