Romans 1:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
mar d’athruigheadar fírinne Dé ’n‐a bréig, ag déanamh adhartha agus seirbhíse do’n nidh do cruthuigheadh thar an gCruthuightheóir, an té atá beannuighthe go deo. Amén.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
de bhrí gur thug siad fírinne Dé ar bhréag agus gur adhair agus gur fhón siad na créatúir os cionn an Chruthaitheora, moladh go deo leis! Áiméan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Amen.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Áiméan.