Romans 1:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus mar an gcéudna na fir, ar dtréigean ghnáthaighe nadúrtha na mban dóibh, do lasadar ann a nainmíanaibh an fear a naghaidh a chéile; na fir ag déunamh gráineamhlachda ris na fearuibh, agus fúaradar ionnta féin luáidheachd a seachrain, mar budh cóir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
na fir, mar an gcéadna, ag tréigean gnáth‐úsáide na mná, do lasadar le h‐ainmhiantaibh d’á chéile, fir ag cleachtadh gníomhartha úr‐ghránna le fearaibh, go bhfuaradar ionnta féin an cúiteamh do bhí tuillte aca i n‐éiric a gcuirptheachta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus stad na fir fós ó dhul le mná agus thug antoil bhuile dá chéile, agus rinne fir gníomhartha mí-náireacha le fir agus fuair siad ina bpearsana féin an pionós sin a thuill a n-earráid.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus mar an gcéanna do na fir: thréig siad taithí nádúrtha ban agus las siad le dúil ina chéile, sa tslí go mbíodh fir ag cleachtadh míghnímh le fir agus ag fáil dóibh féin an chúitímh a bhí tuillte ag a gcuid seachráin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus mar an gcéanna do na fir: thréig siad taithí nádúrtha ban agus las siad le dúil ina chéile, sa tslí go mbíodh fir ag cleachtadh míghnímh le fir agus ag fáil dóibh féin an chúitimh a bhí tuillte ag a gcuid seachráin.