Romans 1:32 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch, ar naithne dhlighe Dé dhóibh, (eadhon go dtuíllid luchd na ngníomhsa do dhéunamh bás,) achd mar an gcéudna cáomhnuid síad luchd a ndéunta.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
daoine, gidh gur ab eol dóibh breith Dé, is é sin go dtuilleann a leithéidí bás, ní h‐é amháin go ndéanann siad féin iad, acht go n‐aon‐tuigheann siad leis an dream do‐ghní iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cé gur feasach dóibh go bhfuil achtaithe ag Dia go dtuilleann an dream a dhéanas amhlaidh bás, ní leor leo a ndéanamh, ach bíonn meas acu ar an dream a dhéanas amhlaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfaidh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.