Romans 1:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar tús, beirim buidheachus ré mo Dhía féin tré Iósa Críosd ar bhur sonsa uile, do bhrígh go bhfuil túarasgbháil bhúr gcreidmhe ar feadh an domhain uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar dtús, do‐bheirim buidheachas dom’ Dhia tré Íosa Críost ar bhur son‐sa uile, de bhrigh go bhfuil tuairisc bhur gcreidimh scaipthe ar fud an domhain ar fad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tugaim tús áite do mo bhuíochas do Dhia trí Íosa Críost ar son an iomláin agaibh, mar tá bhur gcreideamh i mbéal an domhain uile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar dtús gabhaim buíochas le mo Dhia trí Íosa Críost mar gheall oraibh uile de bhrí go bhfuil iomrá ar bhur gcreideamh ar fud an domhain go léir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar dtús gabhaim buíochas le mo Dhia trí Íosa Críost mar gheall oraibh uile de bhrí go bhfuil iomrá ar bhur gcreideamh ar fud an domhain go léir.