Romans 10:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a deirimse, A né nach ccúaladar? Do chuáidh a bhfuáim go deimhin fá gach uile thalamh, agus a mbríathra go leithimeal an domhain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht fiafruighim‐se, Nár airigheadar? D’airigheadar cinnte, Do leath a nglór ar fud an domhain uile, Agus a mbriathra go foircheann an domhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ceist agam oraibh, an é nár chuala siad? Chuala siad ar ndóigh; nó “Chuaigh a nglór ar fud an talaimh, agus a mbriathra go coirnéil an domhain.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar «chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”