Romans 10:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus atá Esaías dána, agus a deir sé Fríth mé leis a ndréim nach ar íarr mé; Do rinneadh follus mé don dreim nár íarr mo thúarasgbháil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus éirigheann Ésáias an‐dána, g‐á rádh, Daoine nár loirg mé, fuaradar‐san mé; Do’n dream nach raibh gam’ lorg, d’fhoillsigheas mé féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ansin bíonn sé de dhánacht ag Ísáia a rá, “An dream nár lorg mé is iad a fuair mé; an dream nár iarr mé, is dóibh a nocht mé mé féin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus téann Íseáia chomh fada lena rá: «An mhuintir nach raibh do mo lorg, is iad a fuair mé. Agus an mhuintir nach raibh do m' fhiafraí, is dóibh a d' fhoilsigh mé mé féin.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus téann Íseáia chomh fada lena rá: “An mhuintir nach raibh do mo lorg, is iad a fuair mé. Agus an mhuintir nach raibh do mʼfhiafraí, is dóibh a dʼfhoilsigh mé mé féin.”