Romans 10:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an fhíréantachd thig ó chreideamh is mar so a deir sí, Na habhair ann do chróidhe féin, Cía rachas súas ar neamh? is ionann sin, agus Críosd do thabhairt a núas:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht is mar so labhras an fhíréantacht thig ó chreideamh, Ná h‐abair id’ chroidhe, Cia rachfas suas ar neamh? (is ionann sin agus Críost do thabhairt anuas);
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is é a deir an fhíréantacht atá bunaithe ar an gcreideamh. Ná habair i do chroí, “Cé a rachas suas ar neamh dúinn?” (Is é sin, le Críost a thabhairt anuas chugainn)
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: «Cé a rachaidh suas ar neamh?» (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas);
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: “Cé a rachaidh suas ar neamh?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas);