Romans 10:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd créd a deir sí? Atá an bhríathar a ngar dhuit, ann do bhéul, agus an do chroidhe: a sí so, bríathar an chreidimh, do nimíd do sheanmóir;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht créad adeir sí? Atá an briathar i ngar duit, id’ bhéal agus id’ chroidhe:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach cad é a deir sé? Ní fada uait an briathar, atá ar do bhéal agus i do chroí (is é sin, briathar an chreidimh a bhíos á sheanmóireacht againn);
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach cad a deir sé? «Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí» (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt).
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt).