Romans 11:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Bíodh a súile dall, chum nach bhfaicfidh síad, agus cromsa a ndromanna a gcomhnuidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Go ndalltar a súile, chum nach bhfeicidh siad, Agus cuir a ndromanna ar crom i gcómhnaidhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
go raibh a súile dorcha chun nach bhfeice siad, agus cromtar a ndroim go deo.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Go ndalltar a súile chun nach mbeadh radharc acu, agus coinnigh a ndroim ar cromadh de shíor.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Go ndalltar a súile chun nach mbeidh radharc acu, agus coinnigh a ndroim ar cromadh de shíor.”