Romans 11:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus más é a dtuitimsion saidhbhreas an domhain, agus a laghdughadh saidhbhreas na Gcineadhach; a né nach mó ná sin a líonmhuireachd?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má’s saidhbhreas do’n tsaoghal a dtuitim‐sean ar gcúl, agus má’s é saidhbhreas na gCineadhach a laghdú‐san, nach móide go mór é a dteacht i gcrích?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois is saibhreas don domhan a gciontasan, agus más saibhreas do na Gintlithe a gcliseadh, nach mó go mór an feabhas a thiocfas as nuair a bheas siad tugtha isteach go hiomlán.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má ba rath ar an domhan a gcoir agus má ba rath ar na gintlithe a meath, nach mó go mór an rath a bheidh ann nuair a thiocfaidh a líon iomlán isteach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má ba rath ar an domhan a gcoir agus má ba rath ar na gintlithe a meath, nach mó go mór an rath a bheidh ann nuair a thiocfaidh a líon iomlán isteach.