Romans 11:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná bíodh uáill ort a naghuidh na ngég. Achd ma bhíonn uáill ort, ní tusa iomchras an fhréamh, achd an fhréamh thusa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ná déan maoidhmheachas i n‐aghaidh na ngéag. Acht má ghníonn tú maoidhmheachas, ní tusa atá mar thaca leis an bhfréimh, acht is í an fhréamh atá mar thaca leat‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ná maígh leis na craobhacha. Má mhaíonn tú, cuimhnigh nach tú is cranntaca leis an bhfréamh, ach gurb í an fhréamh is cranntaca leat.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ná bí á mhaíomh sin ar na craobhacha scoite. Ach má tá maíomh le déanamh agat, bí ag maíomh nach tusa atá ag iompar na fréimhe ach gurb í an fhréamh atá do d' iomparsa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ná bí dá mhaíomh sin ar na craobhacha scoite. Ach má tá maíomh le déanamh agat, bí ag maíomh nach tusa atá ag iompar na fréimhe ach gurb í an fhréamh atá do dʼiomparsa.