Romans 11:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe, do tháobh na muinntire do thuit; achd a thoirbheartas, duitsi, dá bhfana tú ann a thoirbheartus: nó gearrfuidhear thusa mar an gcéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Féach anois maitheas agus buirbe Dé; a bhuirbe do na daoinibh do thuit; acht a mhaitheas duit‐se, má chlaoidheann tú le n‐a mhaitheas: muna gclaoidheann, gearrfar thú dhe, mar an gcéadna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tabhair faoi deara mar sin cneastacht Dé agus déine Dé: déine don dream a thit ar lár, ach cneastacht Dé duitse, ar choinníoll go bhfanann tú dílis dá chneas-tacht; mar mura bhfanann, beidh tú féin do do chur as mar an chuid eile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tabhair do d' aire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leatsa ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tabhair do dʼaire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leat-sa–ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith.