Romans 12:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Impidhim oraibh, a bhráithre, d’á bhrigh sin, as ucht trócaire Dé, bhur gcuirp do thairgsin mar bheoíodhbairt naomhtha thaithneamhach do Dhia, mar is gníomh adhartha réasúnta agaibh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Glaoim oraibh dá bhrí sin, a bhráithre, as ucht thrócaire Dé, go dtíolaca sibh bhur gcolainn mar naomhíobairt bheo, ní a thaitnionn le Dia mar ghníomh adhartha spioradálta uaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim dá iarraidh oraibh as ucht thrócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta.