Romans 12:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná h‐agraidh díoghaltas, a cháirde ionmhaine, acht leigidh d’fheirg Dé: óir, atá scríobhtha, Is liom‐sa an díoghaltas; is mise chúiteochas, adeir an Tighearna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A lucht na páirte, ná himrígí díoltas, ach fágaigí faoi fhearg Dé é, mar tá sé scríofa, “Is liom an díoltas, is mé a bhainfeas amach an cúiteamh, a deir an Tiarna.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: «Fúmsa an díoltas,» a deir an Tiarna, «mise a chúiteoidh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraígí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”