Romans 12:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ná géillidh do nósaibh an tsaoghail seo: acht athruightear sibh tré athnuadhadh bhur n‐aigne, chum go bhfromhfaidh sibh toil Dé, atá maith, agus taithneamhach, agus diongbhálta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná glacaigí le cruth an tsaoil seo, ach bíodh athrú crutha oraibh trí athnuachan bhur n-intinne, ionas go bhfaighidh sibh tuiscint ar dhea-thoil aoibhinn neamhlochtach Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí ath-nuachan aigne ar shlí go n-aithneoidh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.