Romans 12:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír a deirim, ré gach áon eadruibhse, trés an ngrás do tugadh dhamh, gan ghabháil ré a ais ní do thuigsin ós cionn a neithe is iomchubhaidh dhó do thuigsin; achd a thuigsi do bheith réir mheasarrdhachda, amhail as do roinn Día ré gach áoinneach miosúr creidimh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir adeirim, thríd an ngrása tugadh dhom, le gach duine ’n‐bhur measc, gan meas níos áirde ’ná ba chóir do bheith aige air féin, acht machtnamh stuamdha do déanamh, do réir mar roinn Dia ar gach duine a mhiosúr féin de chreideamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Óir deirim le gach duine agaibh tríd an ngrásta a bronnadh orm gan meas iomarcach a bheith aige air féin, ach ina ionad sin meas cothrom atá de réir chuimse an chreidimh a roinn Dia leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir tomhas an chreidimh a roinn Dia leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir thomhas an chreidimh a roinn Dia leis.