Romans 12:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ar mbeith do thiodhlaicibh éugsámhla aguinn do réir na ngrás tugadh dhúinn, más fáidhedóireachd atá aguinn, déanam faidhedóireachd do réir mhéud an chreidimh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, ó thárla tíodhlaicthe ar leith bheith againn, de réir cuimse an ghrása tugadh dhúinn, má’s fáidheadóireacht é, déanaimís do réir ár gcreidimh í;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó bíonn tíolaicí ar leith againn mar sin de réir an ghrásta a bronnadh orainn, bainimis úsáid astu; más fáidheadóireacht í, de réir mhéid ár gcreid-imh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn. Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn. Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh.