Romans 12:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Nó an té do bheir foirceadal úadha, tugadh aire dhá fhoirceadal: an tí roinneas an déirc, roinneadh í maille ré neamhurchóid; an tí agá bhfuil ceannus ós cionn cháich, déunadh é maille ré dúthrachd; an tí do ní trócaire, déunadh í maille ré súbhachus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
nó an té bhrostuigheas, tabhradh sé aire d’á bhrostúghadh; an té roinneas, déanadh sé go fial é; an té riaghluigheas, déanadh sé le dúthracht é; an té do‐ghní trócaire, déanadh sé le ríméad í.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
an té a bhíos ag gríosú gnímh, ina ghríosú; an té a roinneas a mhaoin, i bhflaithiúl-acht; an té a thugas tarrtháil, le dúthracht; an té a ghnáth-aíos trócaire, a dhéanamh go soilbhir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus an comhairleoir ag comhairliú; bíodh an t-almsóir go fial, an fear ceannais go dúthrachtach agus an té a thugann lámh chúnta go gealgháireach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus an comhairleoir ag comhairliú; bíodh an t-almsóir go fial, an fear ceannais go dúthrachtach agus an té a thugann lámh chúnta go gealgháireach.