Romans 13:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin gidh bé ar bith chuireas a naghaidh an chúmhachda, cuiridh sé a nadhaigh órdaighe Dé: agus an dream chuireas iona adhaigh gabhaid damnughadh chuca féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, cibé duine chuireas i n‐aghaidh an ughdaráis, is ag cur i n‐aghaidh órduighthe Dé atá sé: agus na daoine chuireas ’n‐a aghaidh, glacfaidh siad daoradh chuca féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin cibé a chuireas in aghaidh an údaráis cuireann sé in aghaidh ní a chuir Dia ar bun, agus tabharfar breith a ndaortha ar an lucht a chuireas iaróg ina suí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé ag cur, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is ag cur in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin.