Romans 13:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is uime so íocas sibh cánachus: do bhrígh gur searbhfhoghantuigheadha do Dhía íad, ag déunamh a ndithchill sa ní chéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an adhbhar sin is eadh íocas sibh cáineacha, óir is iad na h‐oifigí seirbhísigh Dé, agus is leis an ngnó so go díreach do‐ghní siad a ndícheall i gcómhnaidhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is í an chúis chéanna a bhíos le cánacha a íoc, mar is iad na húdaráis airí Dé, agus is é sin go díreach a ngnóthaí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé is ea na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé iad na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo.