Romans 13:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír na naitheantasa, Na déuna adhaltrannus, Na déuna dúnmharbhadh, Na déuna goid, Na déuna fíadhnuisi bhréige, Na déuna saint; agus gach aithne eile dha bhfuil ann, atáid go haithghearr fá bhrigh an ráidh so, eadhon, Grádhaigh do chomharsa mar thú féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir na h‐aitheanta so, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid, Ná déan sainnt, agus gach aithne eile, atáid uile cómhairimhthe fá bhrigh an bhriathair seo, Grádhóchair do chómharsa mar grádhuighir thú féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Na haitheanta seo, “Ná déan adhaltranas, ná déan dúnmharú, ná déan goid, ná santaigh ní nach leat féin,” agus aithne ar bith eile atá ann, tá a suim agus a mbrí uile le fáil san abairt seo, “Bíodh grá agat do do chomharsa mar an grá a bhíos agat duit féin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Na haitheanta «ná déan drúise,» «ná déan marú,» «ná déan goid,» «ná santaigh,» agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: «Gráigh do chomharsa mar thú féin.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Na haitheanta “ná déan drúis,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”